Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foras na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 2 May 2017

Tuesday, 2 May 2017

Ceisteanna (77)

Catherine Connolly

Ceist:

77. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an dtabharfaidh sí soiléiriú ar chinneadh Fhoras na Gaeilge bogadh as oifig laistigh d'fhoirgneamh Oifig na nOibreacha Poiblí, go háirithe ó thaobh ardú cíosa agus sarú an mheamraim airgeadais de; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20430/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar atá mínithe cheanna don Teachta mar fhreagra ar Cheist Dála 161 den 9 Feabhra 2017, is ceisteanna oibríochtúla d'Fhoras na Gaeilge na ceisteanna maidir le léasanna áirithe. Mar a luaigh mé chomh maith sa bhfreagra sin, i gcomhréir le halt 5 dá Mheamram Airgeadais, chuir Foras na Gaeilge cás gnó cuimsitheach i leith léas ar cheannáras nua faoi bhráid na Ranna Urraíochta san dá dlínse anuraidh. Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil cead foirmeálta tugtha don chás gnó sin anois.

Barr
Roinn