Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cruinnithe an Aire

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 20 June 2017

Tuesday, 20 June 2017

Ceisteanna (72)

Peadar Tóibín

Ceist:

72. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé ar intinn aici bualadh le haon eagraíocht Ghaeilge nó Ghaeltachta sa todhchaí. [27585/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Toisc go mbeidh na freagrachtaí reachtúla maidir leis an teanga tarmligthe domsa mar Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, is ormsa go príomha a thitfidh an cúram casadh le heagrais Gaeilge agus Gaeltachta, de réir mar is gá. Sa chomhthéacs sin, pléifear le haon cuirí a thagann faoi mo bhráid de réir mar a fhaighfear iad.

Ní mór dom a chur in iúl don Teachta go raibh caidreamh an-mhaith agam leis na heagrais Gaeilge agus Gaeltachta le linn mo théarma dheiridh mar Aire Stáit na Gaeltachta agus go bhfuil sé mar sprioc agam tógáil ar an gcaidreamh sin sa tréimhse atá amach romhainn.

Barr
Roinn