Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Réadmhaoin Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 20 June 2017

Tuesday, 20 June 2017

Ceisteanna (84)

Catherine Connolly

Ceist:

84. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cá mhéad foirgneamh de chuid Údarás na Gaeltachta atá folamh; cé chomh fada agus atá siad folamh; cén áit a bhfuil siad; cad iad na pleananna atá ag an Údarás maidir leo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27611/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá curtha in iúl ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil 517 foirgneamh i seilbh na heagraíochta, 117 de chuid atá folamh i láthair na huaire. I gcomhréir leis na mBuanorduithe Seasta, cuirfear na sonraí maidir leis an staid reatha mar a bhaineann leis na bhfoirgnimh ar fad atá folamh faoi láthair díreach chuig an Teachta i bhfoirm tábla gan mhoill. Tá deimhnithe ag Údarás na Gealtacha go bhfuil an eagraíocht ag cur críoch lena plean straitéiseach don tréimhse trí bliana amach romhainn i láthair na huaire. Beidh úsáid inmharthanach mhaoin an Údaráis lárnach sa straitéis seo agus leagfar amach clár oibre chun an mhaoin seo a uasghrádú agus a chur in oiriúint d’fhiontraithe ar mhaithe le fostaíocht a chruthú.

Úsáidfear an mhaoin seo chun leanúint ar aghaidh le fiontraithe áitiúla a spreagadh agus le hinfheisteoirí sheachtracha a mhealladh isteach sna ceantair Gaeltachta éagsúla le fostaíocht a chruthú thar réimsí earnálacha ábhartha. Beidh cuid den mhaoin seo á húsáid mar ionaid don ghréasán de Mhoil Digiteacha a bheidh á bhforbairt sna Gaeltachtaí éagsúla agus a fheidhmeoidh mar áiseanna d’fhiontar nuálaíoch chun réimse cianoibre an Údaráis a chur chun cinn.

Tábla

Léiríonn an tábla thíos an staid reatha mar a bhaineann leis na bhfoirgnimh ar fad atá folamh faoi láthair:

Barr
Roinn