Den 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta atá aitheanta faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá an próiseas tosaithe i 23 limistéar agus táthar ag súil leis go mbeidh sé tosaithe sa trí limistéar eile faoi dheireadh na bliana, eadhon: Bearna agus Cnoc na Cathrach; Oirthear Chathair na Gaillimhe; agus an tEachréidh. Go dtí seo, tá pleananna teanga i leith trí limistéar pleanála teanga Gaeltachta: Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir; Cois Fharraige; agus Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh curtha faoi bhráid mo Roinne le bheith faofa faoin Acht. Tá súil agam go mbeidh na pleananna seo scrúdaithe ag mo Roinn go luath agus moltaí i leith na limistéar sin á gcur faoi mo bhráid ina dhiaidh sin.
Beifear ag súil leis go gcuirfear pleananna i leith na limistéar a leanas faoi bhráid mo Roinne le bheith faofa idir seo agus deireadh na bliana:
- Ciarraí Thiar;
- Ciarraí Theas;
- Na Déise;
- Árainn Mhór;
- Dún na nGall Theas;
- An Cheathrú Rua;
- Múscraí;
- Dúiche Sheoigheach & Tuar Mhic Éadaigh; agus,
- Conamara Láir.