Freagróidh mé ceist 1293 agus ceist 1294 le chéile.
Forálann an tAcht Craolacháin 2009 don chreat reachtúil le haghaidh ceadúnú agus rialáil seirbhísí craolacháin agus ilphléacs in Éirinn. Leis an Acht sin bunaíodh Údarás Craolacháin na hÉireann (ÚCÉ) mar chomhlacht reachtúil neamhspleách chun ábhar a rialáil i ngach seirbhís chraolacháin Éireannach.
Tá ÚCÉ freagrach as seirbhísí craolacháin raidió neamhspleácha a cheadúnú in Éirinn agus leagtar amach i gCuid 6 den Acht Craolacháin 2009 an mheicníocht faoina dtabharfaidh ÚCÉ faoin bpróiseas ceadúnaithe le haghaidh seirbhísí raidió tráchtála, pobail, sealadacha agus institiúideacha. Níl aon fheidhm agamsa i gceadúnú seirbhísí craolta.
Tá ÚCÉ ag glacadh le haighneachtaí faoi láthair ó pháirtithe ar spéis leo seirbhísí craolacháin fuaime tráchtála breise a sholáthar. Cuid den taighde don athbhreithniú ar an Straitéis um Sheirbhísí Craolacháin atá ann faoi láthair a bheidh sna haighneachtaí seo. Tá tuilleadh sonraí le fáil anseo: http://www.bai.ie/ga/consultations/glaoch-ar-aighneachtai-leasa-de-sheirbhis-craolachain-fuaime-trachtala-nua/
Beidh mé ag seoladh aip nua Raidió Rí-Rá san fhómhar agus buailfidh mé le lucht bainistíochta an stáisiúin ansin.