Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cúram agus Oideachas na Luath-Óige

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 27 September 2017

Wednesday, 27 September 2017

Ceisteanna (184)

Peadar Tóibín

Ceist:

184. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige cathain a fhoilseofar an tuarascáil ón bhfoghrúpa den Fhóram um Luathbhlianta ar baill de CNNG, Gaeloideachas, Foras na Gaeilge, na Naíonraí Gaelacha, an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, an tÚdarás, agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. [40861/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Chuir foghrúpa an Fhóraim um Luathbhlianta maidir le tacaíocht don Ghaeilge a dtuarascáil achomair faoi bhráid an Fhóraim i mí Iúil. Ba í príomhbhéim fhoghrúpa an Fhóraim ná ceisteanna a phlé a bhaineann le ceisteanna faoin nGaeilge go ginearálta agus na torthaí a chur ar fáil don Fhóram níos leithne. Tá moltaí an ghrúpa i gcomhthéacs chóras na Luathbhlianta agus próiseas na meastachán cáinaisnéiseach á bplé anois. Cé go bhfuil an cheist mar gheall ar fhoilsiú na tuarascála achoimre á plé faoi láthair, níl cinneadh déanta ar an rud seo fós.

Barr
Roinn