Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna Teanga

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 27 September 2017

Wednesday, 27 September 2017

Ceisteanna (35)

Peadar Tóibín

Ceist:

35. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sí an maoiniú atá á lorg ag na ceanneagraíochtaí i gcúram pleanála teanga a thabhairt dóibh ina iomláine ionas go mbeidh siad in ann na pleananna teanga a chur i bhfeidhm. [40762/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (9 píosaí cainte)

Cúpla bliain ó shin bhí Dinny McGinley anseo. Dar le daoine go mbeadh na pleananna teanga ina slánaitheoir don Ghaeltacht. Bhí a fhios aige go raibh an Ghaeltacht faoi bhrú uafásach agus sheol sé an plean i mBille na Gaeltachta go mbeadh na pleananna seo ag dul ar aghaidh. Tá mise tar éis dul thart timpeall na tíre agus cuairt a thabhairt ar na Gaeltachtaí. Tá siad in ísealbhrí mar gheall ar an ngiota beag airgid atá an Rialtas ag tabhairt don jab seo. Guím gach rath ar an Aire Stáit sa phost nua atá aige. Seo an chéad dúshlán atá aige. Má tá an Rialtas chun €100,000 a thabhairt dóibh, beidh teip air maidir leis an dúshlán sin.

Gabhaim mo bhuíochas leis an Teachta as an cheist. Chun cabhrú le feidhmiú an phróisis pleanála teanga sa bhliain reatha, d'fhógair mo Roinn i mí Aibreáin na bliana seo go bhfuil allúntas ar fiú €850,000 in iomlán á chur ar fáil ag an Roinn chun cabhrú le feidhmiú an phróisis pleanála teanga i mbliana. Den allúntas seo, tá €735,000 curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta agus €115,000 curtha ar fáil d'Fhoras na Gaeilge le gur féidir leo cuidiú leis na heagraíochtaí pleanála teanga atá faoina gcúram lena gcuid pleananna a ullmhú agus a fheidhmiú. Mar chuid den allúntas sin, tá ciste ar fiú suas le €100,000 thar tréimhse 12 mhí iomlán le bheith ar fáil i leith gach limistéir ina cheadaítear plean teanga chun tús a chur le feidhmiú na bpleananna sin.

Ag brath ar mhianta agus riachtanais an limistéir i gceist, beidh sé curtha ar chumas na gceanneagraíochtaí oifigeach pleanála teanga a fhostú ón gciste seo chun cabhrú le feidhmiú a bpleananna. Ina theannta sin, beifear in ann leas a bhaint as an gciste chun cúram a dhéanamh de bhearta na bpleananna féin, i gcomthéacs na dtosaíochtaí mar a aithnítear iad go háitiúil. Beidh Údarás na Gaeltachta ag déanamh teagmhála leis na ceanneagraíochtaí i gceist go luath chun na socruithe cuí a dhéanamh agus tús a chur dá réir le feidhmiú pleananna sa Ghaeltacht.

Ós rud é go mbeidh gá cúram a dhéanamh de 26 limistéar pleanála teanga, suas le 16 de bhailte seirbhíse Gaeltachta agus trí líonra Gaeilge mar a sheasann rudaí faoi láthair, tuigfidh an Teachta go mbeidh gá an soláthair airgid a bheidh curtha ar fail ón Státchiste a bhainistiú mar is cuí le go mbeifear ag obair i dtreo an toradh is fearr is féidir a bhaint amach don Ghaeilge. Comhthreomhar leis an infheistíocht phleanála teanga, cuimhnímis chomh maith go bhfuil infheistíocht shuntasach á déanamh i gcaitheamh an ama ag an Roinn, ag an údarás agus ag an bhforas araon i réimse leathan clár, scéimeanna, tionscnaimh agus bearta atá agus a bheidh ag tacú leis an nGaeilge agus go rachaidh sé seo chun sochair an phróisis sna ceantair i gceist.

Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de go leanfaidh mé orm mar Aire Stáit ag déanamh mo sheacht ndícheall chun an cion is fearr is féidir a fháil ón Státchiste chun tacú le chur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhfuil an próiseas pleanála mar chuid lárnach de.

Níl ach cúpla bliain fágtha ag an nGaeilge mar theanga pobail sa Ghaeltacht ag an bomaite. Faoi chúram Fhine Gael le seacht mbliana anuas, tá titim uafásach tar éis teacht agus é sin le feiceáil sa daonáireamh. Thart timpeall na tíre, bhí daoine ag obair go dian sna Gaeltachtaí. I nGaoth Dobhair, Dáilcheantar an Aire Stáit, bhí an pobal ag obair le chéile go dian ar seo. I gCorca Dhuibhne, bhí an rud céanna ann. Bhí siad chun rudaí iontacha a dhéanamh agus naisc nua a chruthú idir na heagraíochtaí spóirt agus pobail go léir ina gceantair. An fhadhb atá ann anois ná, sular léadh na pleananna, rinneadh cinneadh €100,000 a chur ar fáil. Bhí na heagraíochtaí ag iarraidh ceathrar nó seisear, b'fhéidir, a earcú chun an rud seo a chur i bhfeidhm ach tá an Roinn ag rá nach bhfuil cead ach duine amháin a earcú chun an rud seo a dhéanamh. An rud atá an Roinn ag rá do na comharchumainn anois ná gur orthu atá an obair as seo amach agus, fiú go bhfuil siad uafásach gnóthach ag an bomaite, go gcaithfidh siad i bhfad níos mó oibre a dhéanamh mar ní fheiceann an Roinn an luach atá sna pleananna nó luach a gcuid oibre go dtí seo. Tá sé sin maslach. Impím ar an Aire Stáit níos mó airgid - an t-airgead cuí - a thabhairt dóibh.

Airgead breise i gcónaí. Sin an scéal agus sin an díospóireacht i gcónaí maidir leis an teanga. In 2012, bhí an gealltanas ann maidir leis an reachtaíocht agus na pleananna teanga. Rinne Dinny McGinley fíor-iarracht fá dtaobh den reachtaíocht ansin. Sin an fhís. Rinne an Teachta tagairt do na ceantair: Ghaoth Dobhair, Anagaire, Loch an Iúir, Rann na Feirste, Cloich Chionnaola, An Fál Carrach, Machaire Rabhartaigh agus Gort an Choirce agus, i gContae na Gaillimhe, Cois Fharraige. Seo tús an phróisis. Tá €300,000 ar fail fá choinne an tús sin a chur i gcrích. Tá na daoine uilig ag fáil suimeanna difriúla. I nGaoth Dobhair, tá siad ag fáil €436,000. I nGaillimh, tá cúpla grúpa ag fáil €200,000 agus €50,000. Tá mise ag amharc ar an bhealach is féaráilte dó seo lastigh den tréimhse 12 mhí. Sin an cloch is mó ar mo phaidrín. Amach anseo beidh bealaí difriúla agus buiséid difriúla ann agus beidh airgead breise ann ó na Ranna difriúla fosta. Níl Roinn na Gaeltachta an t-aon Roinn atá freagrach as an teanga. Tá a fhios ag an Teachta é sin.

Tá pleananna difriúla ann. Má tá pleananna difriúla ann, an loighic atá ann ná go gcaithfidh suimeanna airgid difriúla a bheith ann. Má tá plean ann le níos mó béime ar dhaoine a bheith ag obair, caithfear níos mó airgid a thabhairt dó. Níor tharla an laghdú a bhí ann san airgead don Ghaeilge agus don Ghaeltacht faoi Rialtas an Aire le seacht mbliana anuas in aon Roinn eile. Bhí titim de 80% sa bhuiséad. Faigheann rannán na Gaeltachta i Roinn an Aire Stáit - tá sé tábhachtach go gcloisfeadh an tAire sinsearach é seo freisin - níos lú ná aon trian den airgead a fhaigheann an Roinn ina iomláine. Faigheann rannán na n-ealaíon 50% den airgead sa Roinn agus faigheann rannán na hoidhreachta agus na rudaí eile, b'fhéidir, aon cheathrú den airgead. Ní fhaigheann rannán na Gaeltachta ach aon trian den airgead. Is suim íseal airgid atá i gceist. Caitheann an Taoiseach níos mó airgid ar a phoiblíocht agus a bholscaireacht. Nílimid ag caint ach ar b'fhéidir €200,000 sa bhliain a thabhairt do na Gaeltachtaí chun go mbeadh siad in ann an oidhreacht saibhir seo a choiméad beo.

There is an answer to come.

An bealach is féaráilte ná bealach ina bheidh achan dream clúdaithe. Tá ceart ag an Teachta maidir leis na pleananna difriúla. Oibríonn na pleananna ón mbun aníos agus tá na daoine agus na dreamanna uilig sna ceantair freagrach as na pleananna. Tá sé sin tábhachtach. Níl a fhios agam cad a tharlóidh amach anseo maidir leis an tacaíocht nó an cuidiú a bheidh ar fáil. É sin ráite, in 2014 nuair a tháinig an tAire sinsearach, an Teachta Humphreys, agus mé féin isteach sa Roinn, ní raibh aon laghdú ann. Táimid ag dul ar aghaidh agus ó neart go neart leis an airgead breise atá ar fáil. Ní haontaím go bhfuil an tír ina ceart anois. Ní bheidh breis airgead ar fáil sa bhuiséad seo. Achan cheist a fuair mise nuair a tháinig mé ar ais i mí Mheán Fómhair, bhí na daoine uilig ag iarraidh airgid agus acmhainní breise. Tá sé sin tábhachtach agus is é sin mo jab, agus tá dualgas mór orm maidir le hairgead a fháil. Déanfaidh mé mo sheacht ndícheall fá dtaobh de sin. Leis na pleananna teanga, áfach, is é an príomhrud ná an tús atá leo. Tá siad tosaithe anois agus is iad na dreamanna áitiúla atá freagrach as na pleananna sin.

Tá an Rialtas ag smaoineamh íoc as as an mbosca bruscair airgeadais.

Barr
Roinn