Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim na mBóithre Áise

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 27 September 2017

Wednesday, 27 September 2017

Ceisteanna (52)

Aindrias Moynihan

Ceist:

52. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta aici maidir le scéim na mBóithre Áise a athoscailt chun feabhas a chur ar bhóithre sa Ghaeltacht. [40679/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Bhíodh ciste airgid ag mo Roinn faoina ndéantaí oibreacha feabhsúcháin ar bhóithre áirithe Gaeltachta i gcomhar leis na hÚdaráis Áitiúla. Mar gheall ar thosca airgeadais, tá an ciste agus an scéim faoinar ceadaíodh oibreacha den chineál seo ar fionraí anois agus níl beartaithe ag an bpointe ama seo é a athsheoladh.

Tuigfidh an Teachta go bhfuil ciste airgid ag na hÚdaráis Áitiúla chun oibreacha bóthair a dhéanamh, a chuimsíonn na ceantair Ghaeltachta agus neamh-Ghaeltachta araon timpeall na tire.

Barr
Roinn