Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Farantóireachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 3 October 2017

Tuesday, 3 October 2017

Ceisteanna (273)

Pearse Doherty

Ceist:

273. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil aon dul chun cinn déanta aici chun bád farantóireachta úr toiscdhéanta a choimisiúnú don phasáiste idir Machaire Rabhartaigh agus Oileán Thoraí i gContae Dhún na nGall; cén uair a chuirfear an tseirbhís seo ar fáil do phaisinéirí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [41591/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tar éis cruinniú a bheith agam le toscaireacht ó Oileán Thoraí le déanaí maidir le seirbhís farantóireachta an oileáin sin, tá iarrtha agam ar oifigigh mo Roinne tús a chur leis na próisis pleanála cuí chun bád sainlasta a chur ar fáil le freastal ar phobal an oileáin agus oibreacha a dhéanamh ag Cé Mhachaire Rabhartaigh ar mhaithe léi a chur in oiriúint don bhád sin. Mar a thuigfidh an Teachta, beidh ar mo Roinn saineolas ar leith a fhostú chun na próisis seo a bhainistiú agus amscála a leagan amach ina leith.

Barr
Roinn