Is tríd an bpróiseas meastacháin agus cáináisnéise a dhéantar leithdháileadh ar an soláthar airgid a chuirtear ar fáil ar bhonn bliantúil do mo Roinn ón státchiste agus, go deimhin, do na Ranna Rialtais go léir. Sa chomhthéacs sin, is cúis áthais dom a chur in iúl don Teachta go bhfuil maoiniú breise de €100,000 curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta le cur i dtreo forbairt teanga, cultúir agus pobail sa Ghaeltacht in 2018. Tugann an maoiniú breise seo leithdháileadh breise de €350,000 san iomlán don Údarás i leith an réimse seo thar dhá Bhuiséad.
Ós rud é gur eagraíocht í Údarás na Gaeltachta a bhfuil feidhm neamhspleách aici, tuigfidh an Teachta gur faoin Údarás féin atá sé breithniú a dhéanamh ar chonas an chistíocht a chuirtear ar fáil dó go bliantúil a úsáid.
Is féidir a bheith cinnte de go n-aithním go maith an clár oibre fónta atá idir lámha agus beartaithe ag an Údarás agus go leanfaidh mé orm ag déanamh gach iarracht chun tacú le feidhmiú an chláir oibre sin, oiread agus is féidir, laistigh de na hacmhainní a bheidh ar fail dom.