Mar is eol don Teachta, tá na céanna atá luaite aige faoi chúram Comhairle Chontae na Gaillimhe. I gcás Ché Inis Oírr, tá cead pleanála don fhorbairt faighte cheana féin agus anois táthar i mbun próisis chun comhairleoirí a fhostú le tabhairt faoin obair chomhairleoireachta ar a n-áirítear dearadh críochnúil a dhéanamh agus réiteach doiciméid tairisceana don chonradh tógála. Tá cead tugtha agus maoiniú curtha ar fáil ag mo Roinn le tamall chun roinnt suirbhéanna thábhachtacha maidir leis an tionscadal a chur i gcríoch. Tá coiste bunaithe idir an Comhairle Chontae agus an Roinn ag a bpléitear forbairt na cé seo agus Cé an Chaladh Mhóir chomh maith. Bhuail mé féin agus mo chuid oifigigh le hionadaithe ó Inis Oírr agus ó Inis Meáin ar roinnt ócáidí éagsúla chun an dá fhorbairt a phlé.
Maidir le Céim III de Ché an Chaladh Mhóir, tá mo Roinn tiomanta don tionscadal seo a bhrú ar aghaidh agus, chuige sin, tá innealtóir feidhmeach ceaptha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe le tamall anuas le díriú ar an tionscadal seo chomh maith le forbairt Ché Inis Oírr.