Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna Teanga

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 14 November 2017

Tuesday, 14 November 2017

Ceisteanna (81)

Catherine Connolly

Ceist:

81. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta soiléiriú a thabhairt ar stádas phlean teanga An Cheathrú Rua; agus, go háirithe, an bhfuil sé curtha os comhair an Aire fós; mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47905/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá plean teanga na Ceathrún Rua á bhreithniú ag Údarás na Gaeltachta faoi láthair. Tuigtear don Roinn go mbeidh sé á chur faoi bhráid na Roinne go luath chun crícha faofa faoi réir fhorálacha ábhartha Acht na Gaeltachta 2012.

Barr
Roinn