Cuireann Údarás na Gaeltachta cúnamh reatha bliantúil i bhfoirm deontas reachtála ar fáil do na comharchumainn Ghaeltachta atá ag feidhmiú faoina scáth chun a gcláir fhorbartha a chur i bhfeidhm. Cuirtear an cúnamh seo ar fáil chun cabhrú leo a gcuid costais bainistíochta agus barrchostais eile a chlúdach.
Is as an soláthar airgid a chuirtear ar fáil go bliantúil d'Údarás na Gaeltachta faoi fhómhír C7 de Vóta mo Roinne a chuirtear na deontais reáchtála seo ar fáil. Sa chomhthéacs sin, ní miste dom a mheabhrú don Teachta go mbeidh maoiniú breise ar fiú €100,000 ar fáil don Údarás le cur i dtreo forbairt teanga, cultúir agus pobail sa Ghaeltacht in 2018. Is ionann sin agus cistíocht bhreise €350,000 san iomlán don Údarás i leith an réimse seo oibre thar dhá cháinaisnéis.
Ár ndóigh, ós rud é gur eagraíocht neamhspleách reachtúil í Údarás na Gaeltachta, tuigfidh an Teachta gur faoin eagraíocht féin atá sé breithniú a dhéanamh ar chonas an chistíocht a chur chun fónaimh i gcomhthéacs na gcúramaí atá sainithe di.
Maidir leis an gcomhlacht forbartha atá luaite ag an Teachta tuigim go bhfuil deontas reáchtála ar fiú €35,000 curtha ar fáil don comhlacht sin don bhliain reatha agus gur ionann sin agus ardú de €3,650 thar an allúntas a cuireadh ar fáil in 2016.
Tuigtear dom go bhfuil cruinniú beartaithe ag an Údarás leis an gcomhlacht an tseachtain seo le feidhmiú clár oibre 2017 agus gnóthaí airgeadais an chomhlachta a phlé.