Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Oileán

Dáil Éireann Debate, Thursday - 16 November 2017

Thursday, 16 November 2017

Ceisteanna (138)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

138. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a lorgófar léirithe spéise agus tairiscintí don tseirbhís lastais go dtí Oileáin Árann; cé a dhéanfaidh meastóireacht ar na tairiscintí; cé mhéid ama a bheidh ag lucht tairiscinte tairiscintí a chur isteach tar éis an fógra tairiscinte a bheith foilsithe; an mbeidh rogha ann ó thaobh calaphoirt do na seirbhísí seo de; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [48535/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Beidh mo Roinn ag tabhairt faoi phróiseas tairisceana maidir le seirbhís lastas d’Oileáin Árann go luath.  Cheana féin, tá céimeanna tógtha ag mo Roinn ina thaobh.  Ina measc, chuaigh sí i gcomhairle le hionadaithe ó na hoileáin d'fhonn a dtuairimí a fháil.  Fógrófar mionsonraí na tairisceana san Iarratas ar Thairiscintí a eiseofar in am trátha.

Barr
Roinn