Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 November 2017

Tuesday, 21 November 2017

Ceisteanna (303)

Peadar Tóibín

Ceist:

303. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta de bhun ceist pharlaiminteach uimhir 392 an 23 Bealtaine 2017 agus ceist pharlaiminteach uimhir 359 an 20 Meán Fómhair 2017, ós rud é go bhfuil an chéad spriocam a gealladh sáraithe agus go bhfuil an dara spriocam beagnach buailte linn, cathain a fhoilseofar an plean gníomhaíochta maidir leis an Straitéis 20 Bliain don tréimhse 2017-2022; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [49256/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimhir 359 an 20 Meán Fómhair 2017 faoin ábhar seo. Mar a thug mé le fios sa bhfreagra sin, ós rud é go bhfuil freagracht thras-Rannach i gceist maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise, tá plé ar bun ag mo Roinn leis na páirtithe leasmhara éagsúla maidir le spriocanna sonracha agus tráthchlár ina leith a aontú.

Is é nádúr na hoibre seo go dtógann sé am le nithe a aontú. Ní call a rá go bhfuilim ar an airdeall faoin ngá a chinntiú, oiread agus is féidir, go bhfuil fiúntas leis an gclár bearta a mbeifear ag súil leis a chur i dtoll a chéile mar chuid den phlean críochnúil agus tá gá dá réir a chinntiú go bhfuil téagar agus tairbhe le pé bearta a bheidh sa phlean i ndeireadh thiar thall.

Is féidir a bheith cinnte de go leanfar ag obair i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha i dtreo a bheith in ann an plean a fhoilsiú chomh luath in Éirinn agus is féidir.

Barr
Roinn