I propose to take Questions Nos. 101 and 102 together.
Tá 866 duine fostaithe i mo Roinn faoi láthair. Toisc go bhfuil éileamh íseal ar sheirbhísí a fháil trí mheán na Gaeilge i mo Roinn, níl postanna daingnithe nó aitheanta ann ina mbeidh gá le Gaeilge. Dá bhrí sin, níl aon folúntas le líonadh faoi láthair atá sainaitheanta mar cheann a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis.
Tá an Roinn tiomanta go hiomlán don Scéim Teanga 2015-2018, a ullmhaíodh de bhun Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Cuireann an scéim seo le prionsabail na Seirbhísí Ardchaighdeáin do Chustaiméirí agus le Cairt Chustaiméirí na Roinne, lena chinntiú nach mbeidh aon constaic roimh chustaiméirí na Roinne ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge. I gcomhréir leis an Scéim seo, tá mo Roinn tiomanta do measúnú a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar an éileamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge ar bhealach beartaithe, comhleanúnach ina mbeidh teacht ag daoine air.
I rith an bliana seo caite, iniúchadh an tAonad um Fhoghlaim agus um Fhorbairt sa Roinn an méid cainteoirí Gaeilge i measc líon foirne na Roinne. Léirigh an t-iniúchadh sin go raibh 6 baill foirne agus an gaeilge ar a dtoil acu. Anuas ar sin, lena chinntiú go bhfuil mo Roinn i gcónaí in ann seirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar don phobal trí mheán na Gaeilge, tugann an tAonad sin deiseanna do fhostaithe na Roinne cúrsaí gaeilge a dhéanamh chun a scileanna Gaeilge a fheabhsú. Táthar ag cur na hoiliúna sin ar fáil le go mbeidh cohórt ball foirne ar fáil againn a fhéadann cabhrú le haonaid ghnó freagra a thabhairt do chliaint ar mian leo cumarsáid a dhéanamh leis an Roinn trí Ghaeilge. I dtaca leis an sprioc sin, tá 22 baill foirne tar éis cúrsa oiliúna a dhéanamh nó a chíochnú i mbliana (féach thíos).
Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil
Leibhéal
|
Líon Foirne
|
Leibhéal 3
|
11
|
Leibhéal 4
|
4
|
Leibhéal 5
|
2
|
Leibhéal 6
|
3
|
Cúrsa bunleibhéil ar líne
|
2
|
Iomlán
|
22
|