I propose to take Questions Nos. 152 and 153 together.
Tá 418 baill foirne fostaithe ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe faoi láthair agus tá 4 baill foirne breise le tosnú ag obair leis an Roinn roimh dheireadh Mhí na Nollag, rud a chiallaíonn go mbeidh 422 baill foirne ag an Roinn. Thosaigh 100 baill foirne leis an Roinn i mbliana, agus tháinig a bhformhór mar chomharba ar an bhfoireann láithreach. Thosaigh 29 den fhoireann nua sa Roinn ar ghráid oibre a raibh coibhéiseach leis an ngrád a raibh acu san áit ina raibh siad ag obair. Níor bhain inniúlacht sa Ghaeilge mar riachtanas le folúntas ar bith i mbliana.
Faoin gCairt Chustaiméirí agus faoin bPlean Gnímh, tá an Roinn tiomanta le freastal ar gach chustaiméir ar mhian leo gnó a dhéanamh linn trí mheán na Gaeilge. Mar thoradh ar réimse oibre na Roinne, níl ardleibhéal teagmhála againn leis an bpobal nó ní chuireann an Roinn seirbhísí nó scéimeanna ar fáil go díreach do dhaoine den phobal. Cuirtear na seirbhísí ón Roinn ar fáil trí mheán an Bhéarla den chuid is mó, agus cuirtear seirbhísí teoranta ar fáil go dátheangach. Mar sin, níl aon ról aitheanta mar ról ina mbíonn inniúlacht sa Ghaeilge mar riachtanas. Tá liosta de dhaoine atá inniúil sa Ghaeilge a chothabháil ag an Roinn agus cuidíonn siad leis na seirbhísí seo a chur ar fáil.