I propose to take Questions Nos. 247 and 248 together.
. Tá Oifigeach Gaeilge ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, mar atá leagtha amach i Scéim Teanga na Roinne. Tá Gaeilge líofa ag an té atá sa phost seo. Rinne mo Roinn ceapacháin anuraidh de bheirt dátheangach feidhmiúil eile dár seirbhísí saoránach bunlíne in Oifigí na bPasanna i gCorcaigh agus Baile Átha Cliath. Maíonn os cionn 80 baill foirne go bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu.
Bhí 1,577.6 ball foirne lán-aimseartha coibhéiseacha fostaithe ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ar an 31 Deireadh Fómhair 2017. Tháinig 430 oifigigh san iomlán isteach sa Roinn go dtí seo i 2017. Astu siúd, bhí 273 le rólanna sealadacha agus séasúracha a líonadh, mar shampla sa tSeirbhís Pasanna. Líon an cuid eile dóibh rólanna a d’eascair as daoine ag éirí as, ardaithe céime, baill foirne eile ag fágáil na Roinne agus rólanna nua i líon teoranta d’aonaid. Cé nach raibh an Ghaeilge aitheanta mar riachtanas d’aon chuid de na rólanna a líonadh i 2017 go dtí seo, úsáideann cuid d’ár n-oifigigh an Ghaeilge ar bhonn rialta, go háirithe iad siúd ag obair le saoránaigh Éireannacha thar lear. Moltar d’Oifigigh a gcuid scileanna Gaeilge a fhorbairt, agus tá mo Roinn sásta tacaíocht agus maoiniú a thabhairt ina leith seo. Ó thús na bliana seo, thugamar tacaíocht do 17 oifigigh le tabhairt faoi ranganna seachtracha i gConradh na Gaeilge agus i nGaelchultúr. Chomh maith leis sin, tugadh ceardlanna roimh-postála ag an Oifigeach Gaeilge d’oifigigh sular chuaigh siad ar phostáil chuig ár Mhisin thar lear i mbliana agus eagraíodh roinnt ócáidí le húsáid na Gaeilge sa Roinn a spreagadh.
Ní féidir uimhir a sholáthar don Teachta de líon na folúntais atá sa Roinn faoi láthair. Is féidir liom a rá, áfach, go bhfuil an Roinn ag líonadh rólanna go gníomhach sa chuid is mó de ghráid.