Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 28 November 2017

Tuesday, 28 November 2017

Ceisteanna (525, 526)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

525. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil cén líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéid post atá daingnithe nó aitheanta ag an Roinn (i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile) mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; cé mhéid duine atá ann ag a bhfuil líofacht i nGaeilge agus atá ag feidhmiú sna poist sin atá daingnithe no aitheanta mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé beartaithe ag an tráth seo aon phost eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge. [50677/17]

Amharc ar fhreagra

Éamon Ó Cuív

Ceist:

526. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil cé mhéid folúntas a líonadh ina Roinn ó thús na bliana seo; cé mhéid de na folúntais sin a bhain le poist a bhí sainaitheanta mar phoist a raibh Gaeilge riachtanach ina leith; cé mhéid folúntas atá le líonadh faoi láthair agus cé mhéid de na folúntais siúd atá sainaitheanta mar fholúntais a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo. [50694/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

I propose to take Questions Nos. 525 and 526 together.

Tá an Roinn tiomanta chun seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge, agus a cuid oibleagáidí reachtúla faoin Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a chomhlíonadh. Ullmhaíodh agus foilsíodh Plean Fórsa Saothair 2017-2019 i gcomhair na Roinne i mí Aibreáin 2017, inar cuimsíodh riachtanais maidir le hinniúlacht sa Ghaeilge ar son réimsí gnó ar fud na Roinne.

Is é 376 líon na bhfostaithe atá ina gcoibhéisí lánaimseartha sa Roinn seo agam. Mar chuid den phlean fórsa saothair, aithníodh cúig phost ina iomlán ina mbeadh inniúlacht sa Ghaeilge riachtanach. Tá na poist seo go léir á dhéanamh ag oifigigh a bhfuil Gaeilge líofa acu, sna réimsí seo a leanas:

Oifig/Réimse Gnó

Líon Poist

Oifig phríobháideach an Aire

1

Minister of State's private office Oifig phríobháideach an Aire Stáit

1

Aonad um Fhorbairt Straitéiseach agus Chumarsáid/An Phreasoifig

2

Rannán Craoltóireachta

1

I 2017, earcaíodh 76 ball foirne ina iomlán sa Roinn chun folúntais agus poist nua a líonadh. I mo oifig phríobháideach féin, líonadh folúntas amháin ón bpainéal Gaeilge de chuid Sheirbhís um Cheapacháin Phoiblí, a bhí aitheanta mar phost ina mbeadh inniúlacht sa Ghaeilge riachtanach. In éineacht leis sin, laistigh den Roinn, ceapadh oifigeach Gaeilge breise don aonad um fhorbhairt straitéiseach agus chumarsáid chun feabhas a chur ar na seirbhísí do chustaiméirí, agus ar na cumarsáidí inmheánacha agus seachtracha trí Ghaeilge, agus chun go mbeadh Gaeilge d'ardchaighdeán á úsáid sna hábhair atá le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne (www.dccae.gov.ie). Ina theannta sin, bhí oifigeach ceaptha ag Aire Stáit Kyne dá oifig phríobháideach, oifigeach a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge aici. Gach folúntas sa Roinn atá aitheanta mar cheann ina mbeadh an Ghaeilge riachtanach líonta anois.

Tá scéim teanga na Roinne á athbhreithniú agus á nuashonraithe faoi láthair agus táthar i gceist an plean seo a fhoilsiú go luath i 2018. Mar chuid den phróiseas seo, nascfar an scéim seo le pleanáil d'fhórsa saothair na Roinne chun riachtanais sa bhreis ó thaobh na Gaeilge de a aithint.

Barr
Roinn