I propose to take Questions Nos. 679 and 680 together.
Tá mo Roinn tiomanta do sheirbhís do chustaiméirí ar ardchaighdeán a sholáthar i nGaeilge agus i mBéarla. Tá Scéim Teanga 2015 - 2018 na Roinne i bhfeidhm ón 16 Márta 2015 agus beidh feidhm léi ar feadh tréimhse trí bliana nó go dtí go ndeimhneoidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Scéim nua. Tá an Scéim sin, ina leagtar síos tiomantais na Roinne do sheirbhís do chustaiméirí i nGaeilge agus a thugann eolas faoi na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge, foilsithe ar shuíomh gréasáin mo Roinne www.welfare.ie.
Táim sásta go bhfuil dóthain foirne againn in áiteanna i láthair na huaire chun freagra a thabhairt ar iarratais chun seirbhísí na Roinne a sheachadadh trí Ghaeilge. I gcás ina dtagann folúntas chun cinn in áit ina bhfuil gá le feidhm dhátheangach, féachann mo Roinn leis an bhfolúntas sin a líonadh ó phainéil arna mbunú ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
Tá cuntas sa tábla thíos ar an bhfaisnéis atá á lorg ag an Teachta Dála:
An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí
|
Iomlán
|
Foireann reatha
|
6382
|
Poist a líonadh in 2017
|
444
|
Poist a líonadh in 2017 áit ar aithníodh líofacht sa Ghaeilge mar riachtanas
|
2
|
Folúntais le líonadh faoi láthair
|
176
|
Folúntais atá le líonadh faoi láthair áit ar aithníodh líofacht sa Ghaeilge mar riachtanas
|
1
|