Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Bord Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 7 December 2017

Thursday, 7 December 2017

Ceisteanna (305)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

305. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a ainmneofar comhaltaí ar Bhord Údarás na Gaeltachta ag tógáil san áireamh an phráinn a bhaineann leis seo ó tharla nach féidir aon chruinniú den bhord a eagrú go dtí go n-ainmneofar na comhaltaí agus ó tharla go bhfuil tograí coinnithe siar dá bharr. [52369/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá an próiseas chun bord nua a cheapadh do Údarás na Gaeltachta nach mór thart.  Tá ainmniúchán gach Comhairle Contae atá ábhartha faighte (Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh agus Ciarraí) agus tá socruithe idir lámha ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí  (PAS) chun na hiarratais a fuarthas a bhreithniú faoi réir na ndea-chleachtas cuí.

Nuair a bheidh sé sin déanta an tseachtain seo chugainn, cuirfidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí liosta d'iarratasóirí cáilithe ar aghaidh chugam chun críche breithnithe agus fógrófar comhdhéanamh an bhoird nua go poiblí ar shuíomh idirlín mo Roinne chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin. 

 Agus an bord nua ceaptha, beidh sé de chúram ar Údarás na Gaeltachta na socruithe a dhéanamh dá chéad chruinniú.

Barr
Roinn