Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Bord Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 23 January 2018

Tuesday, 23 January 2018

Ceisteanna (100)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

100. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist go ndéanfar leasaithe ar Acht na Gaeltachta maidir le struchtúr Bhord Údarás na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2758/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

I gcomhréir leis na forálacha ábhartha Acht na Gaeltachta 2012, cheap mé Bord nua d'Údarás na Gaeltachta  le gairid. Mairfidh tréimhse feidhme an bhoird seo go Eanáir 2023.

Faoin socrú reatha a tháinig i bhfeidhm faoin Acht i 2012, tá an bord, a bhfuil dhá chomhalta dhéag air, comhdhéanta de chúigear a ainmníonn na hÚdaráis Áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram acu, chomh maith le seachtar comhalta eile a roghnaítear bunaithe ar chomórtas poiblí a eagraítear faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí.

Ní miste a lua chomh maith gur ionann líon an bhoird mar atá sé anois agus an líon a mholtar, de réir thaighde idirnáisiúnta, ar chóir a bheith ar bhord den tsaghas seo. 

Táim sásta, dá réir, go bhfuil an cur chuige reatha mar a bhaineann sé le struchtúr an bhoird ag feidhmiú go sásúil agus nach gcuireann sé aon bhac ar chumas an Údaráis feidhmiú mar is cuí.

Ach an oiread leis an mbord a chuaigh roimhe, táim cinnte de go rachaidh an bord nua i mbun a chuid dualgas le díocas agus le dúthracht, a bheidh ar leas Údarás na Gaeltachta, phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge araon.  Ar an mbunús sin, níl i gceist agam aon mholtaí maidir le  hAcht na Gaeltachta 2012 a leasú a thabhairt chun cinn.

Question No. 101 answered with Question No. 99.
Barr
Roinn