Ar an tuiscint gur ag tagairt atá an Teachta do chuairteanna a d’eagraigh feidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta le linn 2017 ar shuíomhanna atá faoi chúram na heagraíochta, eagraíodh iomlán de 82 cuairt. Seo a leanas na sonraí ar bhonn cheantair Gaeltachta:
Ceantar Gaeltachta
|
Méid Cuairteanna
|
Dún na nGall
|
31
|
Maigh Eo
|
19
|
Gaillimh
|
24
|
Ciarraí
|
3
|
Corcaigh
|
1
|
Port Láirge
|
1
|
An Mhí
|
3
|
Iomlán
|
82
|
Is ar an údar go bhfuil líon beag spáis oifige/déantúsaíochta i gceantair na Mí, Chiarraí, Chorcaí agus Phort Láirge, go bhfuil an líon cuairteanna a bhaineann leis na ceantair seo níos ísle.
Tuigim ón Údarás gur fiontraithe, bainisteoirí comhlachta, infheisteoirí féideartha agus daoine gnó eile go príomha a bhíonn i gceist agus gur de thoradh stocaireachta agus margaíochta leanúnaigh de chuid an Údaráis a bhíonn na cuairteanna ann.
Mar chuid den obair leanúnach a bhíonn ar bun ag an Údarás, bíonn teagmháil agus plé leanúnach ag an eagraíocht le raon leathan fiontraithe agus comhlachtaí a mbíonn spás á lorg acu, i dtreo an leas is fearr is féidir a bhaint as an teagmháil sin mar a bhaineann sé le caomhnú agus cothú fostaíochta sa Ghaeltacht.