Aindrias Moynihan
Ceist:44. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén plean atá aici chun Bliain na Gaeilge a chur chun cinn; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10156/18]
Amharc ar fhreagraDáil Éireann Debate, Wednesday - 28 February 2018
44. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén plean atá aici chun Bliain na Gaeilge a chur chun cinn; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10156/18]
Amharc ar fhreagraMar a mhínigh mé i mo fhreagra a Cheist Dála uimhir 77 ar an 23 Eanáir 2018, tá Bliain na Gaeilge 2018 faofa ag an Rialtas chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga dhúchais, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus, sa chomhthéacs sin, tá deontas €450,000 ceadaithe ag Foras na Gaeilge chun tacú le Bliain na Gaeilge 2018.
Tá ról lárnach ag Conradh na Gaeilge i ndáil le mórchlár gníomhaíochtaí a chur i bhfeidhm ag leibhéal an phobail ar feadh na bliana agus tá tús maith curtha leis an obair sin cheana féin, mar shampla:
- Tá comhordaitheoir ar Bhliain na Gaeilge 2018 ceaptha chun ollchomhordú a dhéanamh ar an tionscnamh tras-Rialtais seo;
- Tá CISTE 125, an chéad bhabhta de dheontais (€50,000) fógartha chun cabhrú le grúpaí imeachtaí a eagrú go háitiúil. Beidh an dara babhta (€75,000) le fógairt sa dara leath den bhliain;
- Tá físeáin á bhforbairt agus margaíocht eile ar bun chun feasacht ar Bhliain na Gaeilge 2018 a ardú i measc an phobail i gcoitinne;
- Tá ábhair bolscaireachta á scaipeadh ar gach scoil agus ar an bpobal; agus,
- Tá comórtais éagsúla á n-eagrú chun grúpaí ar nós ógchlubanna, coláistí/campaí samhraidh, coláistí tríú leibhéil a spreagadh le páirt a ghlacadh inti agus ciste duaiseanna curtha ar fáil ina leith.
- Ó thaobh na n-ealaíon de, eagraíodh mórcheiliúradh seolta ar Bhliain na Gaeilge 2018 beo ar TG4 ar Oíche Chinn Bliana agus beidh an mórthaispeántas cultúrtha Aisling? ar chamchuairt náisiúnta i 2018, ag léiriú saothair nua-chumtha de mhór ealaíontóirí na Gaeltachta, idir ceoltóirí, filí, scríbhneoirí, dearc-ealaíontóirí agus cumadóirí.
- Ar an drochuair, ag eascairt as an drochaimsir atá geallta don tír sa tseachtain amach romhainn, ní raibh an dara rogha ag Conradh na Gaeilge ach an mórshiúl ceiliúrtha, BEO, a bhí socraithe don Satharn 3ú Márta a chur ar athló ach táthar ag súil tabhairt faoi arís ar 14ú Aibreán 2018.
- Tá clár imeachtaí Eanáir go Meitheamh don bhliain foilsithe cheana féin agus is féidir coinneáil suas go dáta nó imeachtaí breise a chlárú ar gaeilge2018.ie.