Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scoileanna Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 21 March 2018

Wednesday, 21 March 2018

Ceisteanna (348)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

348. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist ag a Roinn maoiniú breise a chur ar fáil ó Mheán Fómhair 2018 chun breis cúntóirí teanga a cheapadh sna scoileanna Gaeltachta agus chun breis uaireanta saibhrithe teanga a cheadú, á chur san áireamh an obair atá ar bun sna scoileanna Gaeltachta ó thaobh an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta a chur i bhfeidhm. [13168/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ar mhaithe lena chinntiú go bhfuil Scéim na gCúntóirí Teanga ag feidhmiú ar an gcaoi is fearr is féidir mar thaca don phróiseas pleanála teanga agus don Pholasaí don Oideachas Gaeltachta araon, tá mo Roinn ag tabhairt faoi athbhreithniú ar an scéim faoi lathair.

Chuige sin, d'eisigh an Roinn Iarratas Tairisceana ar etenders.ie ar an 5 Feabhra 2018 chun dream a roghnú le tabhairt faoin athbhreithniú.  Tá measúnú á dhéanaamh faoi láthair ar na tairiscintí a fuarthas i dtreo tús a chur leis an obair gan mhoill. Ós rud é go bhfuil éileamh thar na bearta ó scoileanna Gaeltachta le bheith rannpháirteach sa scéim, beifear ag súil leis, de thoradh an athbhreithnithe, go mbeifear in ann aghaidh a thabhairt ar ar an éileamh sin nuair atá torthaí an atbhreithnithe faoi lámh ag an Roinn.

Tá sé mar aidhm tús a chur le feidhmiú thorthaí an atbhreithnithe sa scoilbhliain 2018/19.

Barr
Roinn