I propose to take Questions Nos. 350 to 355, inclusive, together.
Maidir le conradh úr farantóireachta Thoraí, is dhá thairiscint bailí a fuair mo Roinn. Mar is gnáth i gcásanna mar seo, chuir mo Roinn coiste measúnaithe le chéile comhdhéanta d’oifigigh ón Roinn. Sa chás áirithe seo, bhí na hoifigigh ag an ngrád Príomhoifigeach, Príomhoifigeach Cúnta agus Ardoifigeach Feidhmiúcháin.
Mar chuid den phróiseas tairisceana, thug mo Roinn éisteacht do phobal Thoraí agus lena mianta. Leag an rannóg cuí i mo Roinn amach na critéir mheasúnaithe agus marcanna dá réir san Iarratas ar Thairiscint agus ar ndóigh, tá an doiciméad sin agus aon leasuithe a rinneadh air foilsithe ar an suíomh, etenders. Ní raibh feistiú an tsoithigh thar oíche mar chuid de sin. Bhí úsáid na Gaeilge mar cheann de na critéir.
Thairg an tairgeoir ar bronnadh an conradh air seirbhísí breise seachas mar a lorgaíodh san Iarratas ar Thairiscint. Ina measc sin, bhí go mbeadh seirbhís bus ar fáil ón mBun Beag go dtí Machaire Rabhartaigh ar ócáidí nach mbeadh an soitheach ábalta teacht le cé ag Machaire Rabhartaigh. Go stairiúil, ar ndóigh, tharlódh seo ó am go ham agus bheadh a leithéid de sheirbhís ina chuidiú do phaisinéirí a bheadh ag iarraidh dul go Machaire Rabhartaigh. Níltear ag súil go mbeidh seo ag teastáil go minic.
Faoi dheiridh, ceadaíodh faoin Iarratas ar Thairiscint sa chás seo agus i ngach ceann de chonarthaí na Roinne do sheirbhísí farantóireachta, go bhféadfaí athchóiriú a dhéanamh ar shoitheach a bheadh ainmnithe don tseirbhís. Iarrtar san Iarratas ar Thairiscint go mbeadh cur síos ar na hoibreacha agus amscála dá gcur i gcríoch. Is ar an Oifig Suirbhéara Muirí atá an fhreagracht maidir le heisiúint ceadúnais do shoithí agus is ag an oifig sin a bheidh an focal deiridh maidir le ceapaíocht paisinéirí agus lastais an bháid atá luaite.