Ar mhaithe le cabhrú tuilleadh le feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, a bhfuil an próiseas pleanála teanga mar chuid lárnach de, bunaíodh ciste faoi leith in 2014. Baineadh leas as an gciste seo ó 2014 i leith chun cúram a dhéanamh d’fheidhmiú an phróisis pleanála teanga, ar cuireadh tús lena fheidhmiú ar an talamh an bhliain sin, chomh maith le maoiniú a dhéanamh ar raon de thograí, bearta agus tionscnaimh faoi leith mar thaca breise d’fheidhmiú na Straitéise agus don phróiseas pleanála teanga, dá réir.
Ós rud é go bhfuil an próiseas pleanála teanga mar chuid lárnach d’fheidhmiú na Straitéise, ba ghá féachadh chuige, i gcomhthéacs an chúraim atá sannta dóibh faoin bpróiseas, gur cuireadh maoiniú a dhóthain ar fáil d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge araon chun a chinntiú go mbeadh sé curtha ar a gcumas tacú mar ba ghá le hullmhúchán pleananna sna Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta, sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge de réir mar a bhain sé leo faoi seach thar an tréimhse.
Leagtar amach sa tábla a leanas an cionnroinnt den chiste iomlán a caitheadh go sonrach ar an bpróiseas thar an tréimhse 2014 go 2017:
-
|
2014
|
2015
|
2016
|
2017
|
Údarás na Gaeltachta
|
€200,000
|
€259,875
|
€340,125
|
€735,000
|
Foras na Gaeilge
|
-
|
-
|
-
|
€81,553
|
Beart agus tionscnaimh eile ar leas na Straitéise go príomha
|
€299,879
|
€286,125
|
€659,152
|
€613,000
|
Mar a bhaineann sé le 2018, ní miste a nótáil go bhfuil allúntas ar fiú €2.65m curtha ar fáil faoin gciste sa bhliain reatha. Ós rud é go bhfuil an próiseas ag gluaiseacht ar aghaidh i mbliana ó ullmhúchán pleananna go dtí feidhmiú pleananna ó 2018 ar aghaidh, tá an ciste iomlán curtha i dtreo an phróisis chomh maith le roinnt bearta nua faoi leith a ndéanfar a mhaoiniú ar bhonn lárnach mar thaca breise do.
Tá mé muiníneach go mbeidh ar chumas na Roinne an maoiniú cuí a chur ar fáil agus an phróiseis ag dul chun cinn.