Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Limistéir Pleanála Teanga

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 9 May 2018

Wednesday, 9 May 2018

Ceisteanna (69)

Catherine Connolly

Ceist:

69. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sí soiléiriú maidir leis na limistéir Phleanála Teanga i nGaillimh agus, go háirithe, maidir le stádas na bPleananna Teanga sa Chathair agus sa Chontae; cé mhéad plean atá faofa ag an Aire agus cé mhéad airgead atá curtha ar fáil chun na pleananna seo a chur i gcrích; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20132/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ar mhaithe le tacú le feidhmiú an phróisis pleanála teanga mar a leagtar amach é faoi Acht na Gaeltachta 2012, cuireann mo Roinn cistíocht bhliantúil ar fáil d'Údarás na Gaeltachta agus d'Fhorás na Gaeilge chun cuidiú le heagraíochtaí pobalbhunaithe a roghnaíonn an tÚdarás agus an Foras chun pleananna teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm i leith na Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta, na mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus na Líonraí Gaeilge mar a bhaineann sé leo faoi seach.

Maidir le Cathair na Gaillimhe atá aitheanta faoin bpróiseas mar cheann den sé chinn déag de bhailte féideartha a d'fhéadfadh a bheith aitheanta in am trátha mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta, ís í an eagraíocht Gaillimh le Gaeilge, atá freagrach go príomha as plean a ullmhú agus a fheidhmiú don chathair i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Tuigtear don Roinn go bhfuil an eagraíocht i mbun comhairle phroifisiúnta a lorg faoi láthair chun cabhrú leo i dtreo tús a bheith curtha le hullmhúchán an phlean gan mhoill.

Ina theannta sin, ar ndóigh, agus mar a bhaineann sé leis na bailte seirbhíse trí chéile, tá Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ag leanúint orthu chun a chinntiú go ndéantar dul chun cinn breise in ullmhú pleananna teanga sna bailte éagsúla atá faoina gcúram.

Maidir le staid reatha an phróisis i nGaeltacht na Gaillimhe trí chéile, tá an próiseas idir lámha i ngach aon cheann den 10 limistéar pleanála teanga faoi láthair. Ceadaíodh plean teanga Chois Fharraige le gairid agus, mar a bhaineann sé le Gaeltacht na Gaillimhe, tá pleananna teanga á mbreithniú ag mo Roinn faoi láthair i leith limistéar na Ceathrún Rua chomh maith leis an limistéar Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh.

Lena chois sin táthar ag súil leis go mbeidh pleananna i leith na limistéar Ceantar na nOileán agus Conamara Láir á gcur faoi bhráid mo Roinne chun críche faofa faoin Acht go luath agus ceaptar go mbeidh pleananna i leith na limistéir faoi leith: Maigh Cuilinn; Bearna agus Cnoc na Cathrach; Oirthear Chathair na Gaillimhe; agus an tEachréidh curtha faoi mo bhráid mo Roinne an bhliain seo chugainn.

Fágann sé seo uile go bhfuiltear ag súil leis go mbeidh feidhmiú pleananna idir lámha i ngach aon cheann de na limistéir pleanála teanga i nGaeltacht na Gaillimhe faoi dheireadh na bliana seo chugainn chomh maith le dul chun cinn suntasach déanta maidir le plean teanga Chathair na Gaillimhe san achar ama céanna.

Barr
Roinn