Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 21 June 2018

Thursday, 21 June 2018

Ceisteanna (20)

Catherine Connolly

Ceist:

20. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta céard é stádas na gcúig phlean teanga atá curtha ós comhair na Roinne faoi láthair; cén uair a bheidh siad faofa aici; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27071/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá pleananna teanga á mbreithniú ag mo Roinn faoi láthair i leith na limistéir pleanála teanga Gaeltachta a leanas: An Cheathrú Rua;  Maigh Eo Thuaidh, Árainn Mhór agus Conamara Láir. 

Fearacht gach plean eile a chuirtear faoi mo bhráid chun críche faofa, tá na pleananna sin á mbreithniú i gcomhréir lena bhfuil leagtha amach sna Treoirlínte Pleanála Teanga a d'eisigh an Roinn in 2014 mar áis do gach páirtí leasmhar atá bainteach le hullmhú agus le feidhmiú plean teanga faoin bpróiseas.

Agus an próiseas breithnithe sin thart, cuirfear moltaí i leith na gceantar atá luaite agam faoi mo bhráid le ceadú.

Barr
Roinn