Is ar mo chomhghleacaí, An tAire Josepha Madigan TD, An tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, atá an fhreagracht maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus Scéimeanna Gaeilge.
Is féidir liom a chur in iúl don Teachta go ndéantar foráil i Scéim Gaeilge na Roinne Airgeadais 2018-2021 Oifigeach Gaeilge a bheith ag mo Roinn. Is é Oifigeach Comhlíonta na Roinne, atá ag leibhéal Príomhoifigeach Cúnta, atá i ról an Oifigigh Ghaeilge faoi láthair agus atá freagrach as ábhar a bhaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 sa Roinn. Tá an ról sin sa bhreis ar na dualgais eile atá leagtha ar an Oifigeach Comhlíonta sa Roinn.
Tá forálacha i bhfeidhm ag mo Roinn chun seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil don phobal agus leagtar amach go mionsonraithe iad sin i Scéim Teanga na Roinne ar féidir í a fháil ar láithreán gréasáin na Roinne nó ag an nasc: https://www.finance.gov.ie/ga/updates/language-scheme-2018-2021/
Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil mo Roinn tiomanta do sheirbhísí ar ardchaighdeán i nGaeilge a chur ar fáil dá cuid custaiméirí agus a chinntiú go mbeidh acmhainní cuí teanga sa Roinn chun an méid seirbhísí Gaeilge atá de dhíth a chur ar fáil.