Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 26 June 2018

Tuesday, 26 June 2018

Ceisteanna (140)

Aindrias Moynihan

Ceist:

140. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an bhfuil oifigeach Gaeilge ceaptha dá Roinn; an post lánaimseartha atá ann nó an bhfuil dualgais bhreise ar an oifigeach Gaeilge; cén grád atá ag an oifigeach Gaeilge; an bhfuil sé nó sí ábalta a ghnó nó a gnó a dhéanamh trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27812/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ag glacadh le cineál na bhfeidhmeanna agus na hoibre, níl leibhéal ard de theagmháil dhíreach ag mo Roinn le, agus ní sholáthríonn sí scéimeanna na seirbhísí go díreach do, daoine ón bpobal i gcoitinne. Soláthraíonn an Roinn seirbhísí go príomha trí Bhéarla, agus cuirtear seirbhísí teoranta ar fáil sa dá theanga. Mar thoradh níl aon ról a aithníodh go bhfuil líofacht sa Ghaeilge mar bhunriachtanas. Coinníonn mo Roinn liosta don fhoireann atá líofacht sa Ghaeilge agus a cabhríonn le seirbhísí a sholáthar más gá.

Tá ócáidí ann nuair a bhíonn raidhse mhór cáipéisí, áit ina mbíonn aistritheoirí seachtracha ag teastáil. Tá na haistritheoirí seachtracha á bhfoinsiú de réir na nósanna imeachta soláthair phoiblí ina bhfuil córas éigeantach tairiscintí iomaíocha ann.

Barr
Roinn