Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 26 June 2018

Tuesday, 26 June 2018

Ceisteanna (253)

Aindrias Moynihan

Ceist:

253. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais an bhfuil oifigeach Gaeilge ceaptha dá Roinn; an post lánaimseartha atá ann nó an bhfuil dualgais bhreise ar an oifigeach Gaeilge; cén grád atá ag an oifigeach Gaeilge; an bhfuil sé nó sí ábalta a ghnó nó a gnó a dhéanamh trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27811/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá post lánaimseartha amháin ag mo Roinn, post Aistritheora, a bhfuil sé riachtanach go mbeadh an sealbhóir dátheangach go feidhmiúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Tá an post sin coibhéiseach le grád an Phríomhoifigigh Chúnta. Cuidíonn an tAistritheoir, a mbaineann a phríomhról le Rialacha Cúirte a aistriú go Gaeilge, leis an Roinn maidir le cúrsaí Gaeilge i gcoitinne, chomh maith. Déanann sé formhór a chuid oibre trí Ghaeilge.

Ina theannta sin, tá cohórt de 45 oifigeach sa Roinn atá ar fáil chun seirbhísí a sholáthar (is é sin, ceisteanna agus fiosruithe a fhreagairt) as Gaeilge. Déanann mo Roinn oiliúint agus tacaíocht a thairiscint do na hoifigigh go léir ar mian leo a gcuid scileanna Gaeilge a fhorbairt.

Barr
Roinn