Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 26 June 2018

Tuesday, 26 June 2018

Ceisteanna (376)

Aindrias Moynihan

Ceist:

376. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Sláinte an bhfuil oifigeach Gaeilge ceaptha dá Roinn; an post lánaimseartha atá ann nó an bhfuil dualgais bhreise ar an oifigeach Gaeilge; cén grád atá ag an oifigeach Gaeilge; an bhfuil sé nó sí ábalta a ghnó nó a gnó a dhéanamh trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27809/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá Oifigeach Gaeilge ar leibhéal an Phríomhoifigigh Chúnta fostaithe i mo Roinn. Oibríonn an tOifigeach sin san Aonad Acmhainní Daonna agus tá dualgais Acmhainní Daonna uirthi i dteannta na ndualgas atá uirthi mar Oifigeach Gaeilge. Is é ról an Oifigigh Ghaeilge a chinntiú go mbíonn baill foirne ar an eolas faoina gcuid oibleagáidí i ndáil le seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus a chinntiú go gcomhlíonann siad na hoibleagáidí sin. Níl aon cheanglas ann go seolfaí an gnó sin trí Ghaeilge.

Barr
Roinn