Ceapadh Oifigeach Gaeilge i mo Roinnse in 2005 chun tacú le tiomantas na Roinne cultúr a spreagann úsáid na Gaeilge laistigh den Roinn agus sa bplé a bhíonn againn lenár gcuid custaiméirí a fhorbairt agus a choinneáil. Tá an duine sin freagrach freisin as a chinntiú go gcloítear le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus go ndéantar Scéimeanna Gaeilge na Roinne a fhorbairt de réir an Achta. Tá an tOifigeach Gaeilge - atá ag leibhéal Oifigeach Cúnta (Ard) - líofa sa Ghaeilge agus ábalta dul i mbun a cuid oibre trí Ghaeilge. Chomh maith le bheith ina Oifigeach Gaeilge, is oifigeach í sa Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíochta agus Sóisialta, áit a dhéanann sí anailís ar bheartais fhorbartha inmharthana, lena n-áirítear athrú aeráide.