Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 11 July 2018

Wednesday, 11 July 2018

Ceisteanna (600)

Peadar Tóibín

Ceist:

600. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta léiriú a thabhairt ar an mbunús dleathúil atá ann maidir le Foras na Gaeilge a chómhaoiniú ar an mbonn 75% ón a Roinn agus 25% ón Roinn Pobal i dTuaisceart na hÉireann agus tagairt a dhéanamh don dlí nó don ionstraim reachtúil a chuireann i scríbhinn an chomhréir seo. [31238/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Faoi réir fhorálacha an Achta um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 (Mír 2.1 de Cuid 7 d'Iarscríbhinn 2 don Chomhaontú sa Sceideal), is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas, le ceadú na nAirí Airgeadais, a dhéanann moltaí maidir leis na buiséid d'Fhoras na Gaeilge a íoctar as airgead a vótáiltear i dTionól Thuaisceart Éireann agus i nDáil Éireann.

Tuigtear dom gur socraíodh ar chóimheas 75:25 mar ráta cómhaoinithe d'Fhoras na Gaeilge ag eascairt as breithiúnas ar an tionchar a bheadh i gceist don dá dhlínse agus go bhfuil buiséid ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas d'Fhoras na Gaeilge ar an mbonn sin ón gcéad lá.

Barr
Roinn