Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna Talmhaíochta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 24 July 2018

Tuesday, 24 July 2018

Ceisteanna (1966)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

1966. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara an bhfuil achomharc, foirmeálta nó neamh-fhoirmeálta, déanta ag feirmeoir (sonraí tugtha) in aghaidh pionós a gearradh air faoi scéim AEOS; má ta achomharc déanta cén uair a dhéanfar cinneadh ar an achomharc; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34377/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá an limistéar atá incháilithe le haghaidh íocaíochta faoi AEOS bunaithe ar an limistéar atá incháilithe faoi BPS.  In 2017, laghdaíodh limistéar incháilithe an té atá ainmnithe faoi BPS. Tugadh é sin le fios i litir ó BPS dar dáta an 20/12/17. Bhí ró-íocaíocht faoin Agri-Environment Options Scheme## i gceist mar thoradh air sin idir 2013 agus 2016. Cuireadh an té atá ainmnithe ar an eolas maidir leis na ró-íocaíochtaí sin faoi AEOS i litir dar dáta an 14/03/18. Níl aon taifead ann go ndearnadh achomharc leis an BPS maidir leis an limistéar a bheith laghdaithe.

Barr
Roinn