Pat the Cope Gallagher
Ceist:2795. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cad iad na pleananna atá aici chun maoiniú a sholáthar le haghaidh feabhsúcháin bhóithre ar oileáin i nDún na nGall; an ndeimhneoidh sí na pleananna chun feabhas a chur ar bhóithre ar oileán Árainn Mhór agus go háirithe ar an bhóthar fhad le teach solais Árainn Mhór; an ndeimhneoidh sí go bhfuil allúntas le cur ar fáil do na bóithre ar na hoileáin i mbuiséad na bliana seo; an gcuirfidh sí síos ar na pleananna atá aici do na hoileáin i bpróiseas Bhuiséid 2019; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [32703/18]
Amharc ar fhreagra