Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Earcaíocht san Earnáil Phoiblí

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 24 July 2018

Tuesday, 24 July 2018

Ceisteanna (403)

Peadar Tóibín

Ceist:

403. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe cé mhead daoine ag obair sa seirbhís poiblí; cad é aois profíl na daoine seo; cén grád ina bhfuil na daoine seo; agus cé mhéad daoine a bhíonn ag fágáil an seirbhí gach bliain. [32828/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Do bhí líon iomlán na seirbhísigh phoiblí ag deireadh an chéad ráithe de 2018 (an ráithe réitithe is déanaí) 320,293.

Tá na bannaí aois de réir catagóirí grád don StátSeirbhís faoi dheireadh na bliana 2017 agus 2016 leagtha amach thíos.

Is é líon na ndaoine sa Státseirbhís atá ar scor i 2017 ná 1,479 agus 1,457 i 2016.

Déanann na huimhreacha atá léirithe do gach catagóir grád léiriú ar na huimhreacha insan grád nó na huimhreacha i ngráid gurb ionann iad.

Table 1

Table 2

Giorrúcháin

AR: Ard-Runaí

AR (CI): Ard-Runaí (Comhionann)

DR: An Dara Ard-Runaí

LR: Leas-Runaí

RC: Runaí Cúnta

PO: Príomhoifigeach

PC: Príomhoifigeach Cúnta

AOF: Ardoifigeach Feidhmiúcháin

OR: Oifigeach Riaracháin

OF: Oifigeach Feidhmiúcháin

OF*: Oifigeach Foirne

OC: Oifigeach Cléireachais

OS: Oifigeach Seirbhíse.

Barr
Roinn