I dtús báire ní miste dom a mhíniú don Teachta go bhfuil an fhreagracht maidir le riaradh na gColáistí Samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht faoi mo Roinn ach go bhfuil ionchur tábhachtach ag an Roinn Oideachais agus Scileanna sa chóras i gcónaí.
Tugann na RIALACHÁIN FAOINA dTUGTAR AITHEANTAS DO CHOLÁISTÍ GAEILGE, a fhoilsítear go bliantúil, léargas ar an gcreat uileghabhálach faoina bhfeidhmíonn an dá Roinn agus a bhfeidhmeanna oibriúcháin faoi seach i dtaca leis an earnáil á gcomhlíonadh acu.
Cuireann an Roinn Oideachais agus Scileanna comhairle ar fáil maidir le gnóthaí a bhaineann le múineadh agus foghlaim, cáilíochtaí múinteoirí agus caighdeán ginearálta na gcúrsaí, agus déanann sí monatóireacht agus tuairisciú ar an méid sin. Bíonn páirt ghníomhach ag an Roinn sin chomh maith sa chigireacht rialta agus leanúnach a dhéantar ar na coláistí ar iarratas ó, agus i gcomhpháirtíocht le, mo Roinn fhéin.
Maidir le cúrsaí meastóireachta, cuireann an Roinn Oideachais agus Scileanna clár meastóireachta bliantúil i bhfeidhm ar shampla de suas go 20% de na cúrsaí Gaeilge atá á soláthar ag coláistí Gaeilge. Tugann na meastóireachtaí a dhéantar deis:
- Monatóireacht a dhéanamh ar cháilíocht an teagaisc agus na foghlama sna cúrsaí Gaeilge;
- Monatóireacht a dhéanamh ar cháilíocht eispéireas na scoláirí ar theanga agus cultúr na Gaeilge;
- Trácht ar bhainistíocht, eagrú agus oibríocht na gcúrsaí Gaeilge agus ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag na coláistí Gaeilge maidir le moltaí a rinneadh ag eirí as cigireachtaí roimhe seo; agus,
- Comhairle a chur ar fáil do phríomhoidí, múinteoirí agus coistí stiúrtha maidir le cáilíocht an oideachais i gcúrsaí aonair a sholáthraíonn na coláistí Gaeilge.
Sa bhreis air sin, ullmhaíonn an Roinn Oideachais agus Scileanna tuairiscí scríofa do mo Roinn agus do na coláistí Gaeilge ar cháilíocht an tsoláthair oideachais i ngach cúrsa Gaeilge ar a ndéanfar meastóireacht. Foilsítear na tuairiscí a eascraíonn as na meastóireachtaí ar láithreán gréasáin na Roinne sin agus tá teacht ar na tuairiscí ar shuíomh mo Roinne fhéin freisin.
Ar deireadh, foilsítear tuairisc ilchodach ar obair na gcoláistí Gaeilge ó am go chéile ina n-aithnítear na dea-chleachtais chomh maith leis na réimsí feabhais a bhaineann leis an earnáil.