Tá mo Roinnse ar an eolas maidir le gníomhartha na cuideachta a ndearna an Teachta tagairt di chun fionnuisce a iompar trasna na hUrthrá trí phíopa chun críocha stoc a chóireáil ar oibríocht cheadúnaithe iasc eite i gCill Chiaráin, Co. na Gaillimhe. De bharr nach léirítear i dtaifid na Roinne an toiliú Urthrá atá de dhíth a bheith ann maidir leis an ngníomhaíocht sin, tá ordú tugtha don chuideachta an píopa a bhaint as agus an Urthrá a chur ar ais mar a bhí.
Tá mo Roinnse ag obair go dlúth leis an gcuideachta ar an ábhar i gcónaí agus é mar aidhm aici go lánchomhlíonfaidh an chuideachta an reachtaíocht infheidhme a rialaíonn úsáid Urthrá an Stáit.