Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Bille na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 2 October 2018

Tuesday, 2 October 2018

Ceisteanna (75)

Catherine Connolly

Ceist:

75. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cad é stádas Bhille na dTeangacha Oifigiúla; cén dáta a fhoilseofar an bille; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [39819/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar chúlra, is iarracht í an Bhille seo, trí na ceannteideil éagsúla, an timpeallacht a chruthú ina mbeidh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit, go mbeidh an teanga níos feiceálaí agus go mbeidh fáil níos leithne ar sheirbhísí trí Ghaeilge.

Agus an Bille á thabhairt chun cinn, cuireadh tréimhse fada comhairliúcháin ar bun leis na bpáirtithe leasmhara agus ba phróiseas an-fhiúntach a bhí ann. Mar is eol don Teachta, leagadh na Ceannteidil faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na hOileáin agus foilsíodh tuarascáil ag eascairt as an bpróiseas seo roimh an tsamhraidh. Tá an tuarascáil sin á scrúdú ag mo Roinn faoi láthair i gcomhthéacs dréachtú an Bhille.

Beidh sé mar chuspóir sa Bhille go mbeidh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh comhlachtaí poiblí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Is í an earcaíocht croí-lár na ceiste, agus táim dóchasach gur féidir tógáil, ar bhonn chéimiúil, ar líon na bhfostaithe le Gaeilge agus ag eascairt as sin, go mbeimid in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge, mar is cóir.

Ó mo thaithí féin, ag déileáil le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus ón bhfianaise atá ar fáil ó thaighde, ó Oifig an Choimisinéara Teanga, ó na heagrais Ghaeilge agus grúpaí eile, creidim go bhfuil éileamh ann i measc an phobal, ar sheirbhísí a bheith ar fáil i nGaeilge. Ní hamháin sin, ach tá an pobal ag súil go mbeidh na seirbhísí a bheidh ar fáil ar chomhchéim leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil i mBéarla.

Tá mo chuid oifigigh ag obair faoi láthair i gcomhréir le hOifig an Ard-Aighne chun Bille na dTeangacha Oifigiúla a dhréachtú. Ag an am céanna, tá comhairliúcháin ar bun ag mo Roinn leis na Ranna Stáit ábhartha, leis an gCoimisinéir Teanga agus le páirtithe leasmhara eile le cinntiú go mbeidh an Bille is fearr agus is éifeachtaí againn le tabhairt os comhair an Oireachtais.

Tá an Bille seo san áireamh i gClár Reachtaíochta an Rialtais le bheith foilsithe le linn sheisiún an Fhómhair/Gheimhridh de chuid na Dála.

Barr
Roinn