Ceadaíodh an duine ainmnithe isteach in GLAS 3 agus an 1 Eanáir 2017 an dáta ar cuireadh tús leis an gconradh. Tá an réamhíocaíocht faighte ag an té sin i leith 2017 lena n-áirítear GLAS plus.
Tuigim nár cuireadh an duine atá ainmnithe san áireamh sa Phlean Bainistíochta Coimíneachta a cuireadh ar aghaidh dá choimíneacht. Tá Oifigigh na Roinne ag obair ar réiteach le go mbeidh an Comhairleoir Coimíneachta ábalta an duine atá ainmnithe a chur leis an bPlean seo. Ba cheart go mbeadh fáil air seo go luath. Bhí oifigigh na Roinne i dteagmháil leis an gComhairleoir Coimíneachta chun an staid a chur in iúl dó.