Mar atá ráite sa Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta “Is é an t-oideachas an eochair chun comhdheis sa saol a thabhairt do gach leanbh.” Soláthraíonn mo Roinn tacaíocht do gach socláire in ár scoileanna ar fad. Tá an Roinn tiomanta do rochtain scoláirí atá ag freastal ar scoileanna a fheidhmíonn trí mhéan na Gaeilge agus trí mheán an Bhéarla araon ar thacaíochtaí ó, mar shampla, An tSeirbhíse Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) agus an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) a chinntiú.
Tá dul chun cinn suntasach déanta chun an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge a neartú. Áirítear anseo an próiseas pátrúnachta, soláthar curaclaim agus bunú an Aonaid um Oideachas Gaeltachta sa Roinn.
Tá teanga anois mar rogha ar leith sa phróiseas pátrúnachta rud a chiallaíonn go bhfuil teanga níos infheicthe mar rogha. Tá sé beartaithe tuilleadh athbhreithnithe a dhéanamh ar an bpróiseas pátrúnachta ionas go mbeidh aitheantas ag comhréireacht mar a bhaineann le tuismitheoirí a chuireann in iúl gurb é an t-oideachas trí mhéan na Gaeilge a rogha.
Cuirimíd ár gcuraclaim ar fáil go lárnach agus is do gach scoláire iad. Ag aithint an ról lárnach atá ag scoileanna in athbheochan agus i gcaomhnú na Gaeilge mar theanga pobail, tá soláthar difriúil déanta don Ghaeilge i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge agus i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla i gCuraclam na Bunscoile agus sa tSraith Shóisearach. Tá fáil ag gach múinteoir i ngach scoil ar fhorbairt ghairmiúil leanúnach agus ar acmhainní a chuirtear ar fáil go lárnach chun tacú le cur i bhfeidhm curaclaim agus polasaithe eile na Roinne.
Tá an-dul chun cinn déanta i bhfeidhmiú an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta. San áireamh tá dhá chlár nua d’oideachas múinteoirí agus na tionscnaimh phíolótacha ‘Ríomh-mhoil’ agus ‘Forás’. D’fhéadfadh go rachadh na tionscnaimh seo chun tairbhe scoláirí i scoileanna uile na tíre sa todhchaí.