Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Boird Oideachais agus Oiliúna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 28 November 2018

Wednesday, 28 November 2018

Ceisteanna (76)

Aindrias Moynihan

Ceist:

76. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé sásta le plean Bhoird Oideachais agus Oiliúna Chorcaí, Thiobraid Árann, agus Chill Chainnigh agus Cheatharlach príomhoifigigh fheidhmiúcháin a fhostú gan riachtanas Gaeilge; an raibh aon teagmháil ag a Roinn leis na Boird; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [49511/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is é mo chúram mar Aire agus príomhfheidhm mo Roinne i dtaca leis an gceist seo, ná a chinntiú go gceaptar na daoine cearta do phoist Phríomhfheidhmeannigh ar na Boird Oideachais agus Oiliúna (BOOna) a bhfuil na heochairscileanna agus na hinniúlachtaí acu a theastaíonn chun feidhmiú go héifeachtach agus eagraíochtaí móra coimpléascacha a bhainistiú.

Mar is eol don Teachta, is forais reachtúla iad na BOOna a bhfuil a stádas corparáideach féin acu, a bunaíodh faoi Acht na mBord Oideachais agus Oiliúna 2013, agus tá siad freagrach as réimse d’fheidhmeanna forchoimeádta agus feidhmiúcháin faoin Acht sin.    Is é an Príomhfheidhmeannach atá freagrach as feidhmeanna feidhmiúcháin an bhoird a chur i gcrích agus tá sé freagrach don bhord as comhlíonadh cuí a c(h)uid feidhmeanna. Ta an Príomhfheidhmeannach freagrach as a dheimhniú go n-éiríonn leis an BOO a chuid aidhmeanna agus cuspóirí straitéiseacha a bhaint amach, lena n-áirítear soláthar, ar dhóigh éifeachtúil agus éifeachtach, an iliomad seirbhísí agus gníomhaíochtaí ilchineálacha a bhíonn ag an BOO, de réir dea-chleachtas, agus tá sé freagrach don bhord agus freisin do Choiste na gCuntas Poiblí agus do Choistí eile de chuid an Oireachtais. 

Ní mór d’iarrthóirí do ról an Phríomhfheidhmeannaigh a bheith in ann na hinniúlachtaí seo a leanas a léiriú:

- ceannaireacht straitéiseach, nó ionchur suntasach straitéiseach, ar ghnó nó ar eagraíocht i gceann amháin, nó níos mó, de na hearnálacha seo a leanas – oideachas Bunscoile, Iar-Bhunscoile, Breisoideachas agus Oiliúint nó oideachas Tríú Leibhéal

- taithí shuntasach rialachais, riaracháin agus bainistíocht airgeadais, taithí shuntasach eagraíochtúil ar bhainistiú athruithe ag leibhéil straitéiseacha agus oibríochta araon

- taithí ar fhoirne rathúla nó líonraí dea-fhorbartha a thógáil, a threorú, a spreagadh agus a fhorbairt, laistigh den timpeallacht oideachais, oiliúna agus scileanna agus / nó sa Rialtas nó san earnáil phoiblí go ginearálta

- taithí ar phrionsabail an chomhionannais deiseanna, na hilchineálachta agus na cuimsitheachta a leabú laistigh de bheartais agus de chleachtais eagraíochta

D’fhonn a chinntiú go mbíonn iarrthóirí atá cáilithe mar is cuí ar fáil do ról an Phríomhfheidhmeannaigh, ní mór dóibh a bheith ábalta na hinniúlachtaí thuas a léiriú. B’fhéidir go gcaithfeadh an Príomhfheidhmeannach cuid áirithe dá g(h)nó a dhéanamh trí Ghaeilge mar sin de, is inmhianaithe go mbeadh ardchaighdeán Gaeilge acu ach níl sé riachtanach. Bhí mo Roinn ag plé le Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann i dtaca leis an gceist seo.  Is é BOOÉ an eagraíocht a bunaíodh faoi Acht BOO 2013 chun ionadaíocht a dhéanamh ar na BOOna i dteannta a chéile agus aithníonn mo Roinnse amhlaidh é chun na críche sin. 

Is faoin tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a bheidh sé ar deireadh a shocrú cé hé an duine / na daoine is mó ag a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu de réir na gcritéar atá leagtha amach.

Question No. 77 answered with Question No. 45.
Barr
Roinn