Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 58 and 76 le chéile.
Ag deireadh mí na Nollag 2018, aontaíodh conradh eatramhach idir mo Roinn agus Galway Aviation Services Ltd chun seirbhís aeir a chur ar fáil chuig na hOileáin Árann, don tréimhse ó 21 Nollaig 2018 go dtí 30 Meán Fómhair 2019. Faoin gconradh seo, leanfar leis an tseirbhís aeir go hÁrainn ar na coinníollacha a bhí leagtha amach san Iarratas ar Thairiscintí a foilsíodh. Is ionainn iad seo agus na coinníollacha a bhí san áireamh sa chonradh a bhí i bhfeidhm go dtí 20 Nollaig 2018.
Níl an dáta ar a bhfógrófar an comórtas tairisceana don chonradh fadtéarmach socraithe go fóill. Tá obair ar bun ag oifigigh mo Roinne chun na cáipéisí tairisceana cuí a ullmhú don chonradh seo a bheidh le tosú ar 1 Deireadh Fómhair 2019 agus déanfar iad seo a fhoilsiú in am trátha. Tá comhairleoirí fostaithe ag mo Roinn ag a bhfuil taithí ar sholáthair san earnáil aerthaistil. Cuirfear comhairle ar fail do mo Roinn agus an conradh á dhréachtú le cinntiú go ndéanfar seo de réir na rialacháin chuí agus go ndéanfar seirbhís a chur ar fáil a fhreastalaíonn ar riachtanais na n-oileánach.
Tá plé leanúnach ar bun idir mé féin, oifigigh mo Roinne agus ionadaithe ó na hoileáin le cinntiú go bhfuil siad ar an eolas faoi gach atá ag tarlú, agus ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leo siúd agus leis na hionadaithe poiblí as ucht a n-ionchur sa phróiseas seo.
Tá mo Roinn agus Galway Aviation Services Ltd ag brú ar aghaidh leis an obair maidir leis an bpoitéinseal go gceannófaí Aerfort na Mine a scrúdú. Níl an obair seo ach ina tús ag an bpointe ama seo, áfach. Mar a rinne mé go dtí seo, tá i gceist agam cruinnithe rialta a thionól le hionadaithe na n-oileán agus leis na hionadaithe poiblí ar mhaithe len' iad a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn.