Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 10 April 2019

Wednesday, 10 April 2019

Ceisteanna (2)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

2. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 a fhoilsiú. [16780/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (6 píosaí cainte)

Cén fáth nach bhfuil Bille na dteangacha oifigiúla (leasú) foilsithe go dtí seo? Cén moill atá ar an bhfoilsiú sin?

Mar chúlra, is iarracht é an Bille seo, trí na ceannteidil éagsúla, timpeallacht a chruthú ina mbeidh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit, go mbeidh an teanga níos feiceálaí, agus go mbeidh fáil níos leithne ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Agus an Bille á thabhairt chun cinn, cuireadh tréimhse chomhairliúcháin ar bun leis na páirtithe leasmhara. Leagadh na ceannteidil faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán agus foilsíodh tuarascáil ag eascairt as an bpróiseas seo roimh shamhradh 2018. Tá an tuarascáil sin scrúdaithe anois ag mo Roinn i gcomhthéacs dhréachtú an Bhille. Beidh sé mar ollchuspóir sa Bhille go mbeidh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí inniúil sa Ghaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge, agus go mbeidh comhlachtaí poiblí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Is í an earcaíocht croílár na ceiste agus táim dóchasach gur féidir tógáil, ar bhonn chéimiúil, ar líon na bhfostaithe le Gaeilge sa státchóras agus, ag eascairt as sin, go mbeifear in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge, mar is cóir. Tá oifigigh mo Roinne ag obair faoi láthair i gcomhair le hOifig an Ard-Aighne chun Bille na dteangacha oifigiúla (leasú) a dhréachtú. Tá an Bille san áireamh i gclár reachtaíochta an Rialtais le foilsiú roimh an samhradh agus tá mé tiomanta chun é sin a dhéanamh.

Mar is eol don Teachta, toisc go raibh Oifig an Ard-Aighne agus na dréachtóirí dírithe ar cheist an Bhreatimeachta, bhí moill in 2019 ar aon reachtaíocht seachas na sé Bhille ar tugadh tosaíocht dóibh.

Pléadh ceist an Bhille seo ag cruinniú coicís ó shin. Bhí teagmháil idir Oifig an Ard-Aighne agus mo Roinn ó shin. Chuir mo Roinn breis eolais ar aghaidh maidir le ceannteidil an Bhille. Tá Oifig an Ard-Aighne ag déileáil leis na ceannteidil sin. Tá an oifig sin ag breathnú ar aghaidh ar ullmhú agus dréachtú an Bille tábhachtach seo.

Tuigim an fhadhb a bhí ann maidir leis an mBreatimeacht ach, má leanann plé ar an mBreatimeacht ar feadh bliana eile, beidh moill ar an reachtaíocht seo toisc go bhfuilimid ag brath go huile is go hiomlán ar dhréachtóirí, mar a luaigh an tAire Stáit. Táim buíoch go raibh cruinniú ag an Aire Stáit leis na hurlabhraithe sa Dáil agus leis na dréachtóirí ar an ábhar seo ach, sin ráite, tá frustrachas ar phobal na Gaeilge, sa Teach seo ach go háirithe, mar gheall ar an mhoill atá ar dhul chun cinn an Bhille seo.

Níl an frustrachas orainn amháin. Sa tuarascáil a d'fhoilsigh an Coimisinéir Teanga níos luaithe sa mhí, dúirt sé: "B’ábhar díomá dom, áfach, nár tapaíodh an deis an bhliain a mharcáil ar bhealach a d’fhágfadh rian buan go reachtúil, trí na leasuithe atá beartaithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a fhoilsiú i bhfoirm Bille agus é a thabhairt go ceannscríbe tríd an bpróiseas reachtúil ina dhiaidh sin." Tá sé ag rá go lom gur gá é seo a dhéanamh. Tá easpa an Bhille seo ag cur moille ar rudaí eile a bhfuil gá leo maidir le cearta teanga don ghnáthshaoránach. Impím arís ar an Aire Stáit dáta a thabhairt dúinn chun go mbeidh a fhios againn cén uair a bheidh an Bille foilsithe. Nuair a fhoilseofar é, beidh ról le himirt aige.

Ní bheidh mé ag cur an mhilleáin ar an mBreatimeacht as seo amach. Tá an obair sin críochnaithe anois ag na dréachtóirí agus ag Oifig an Ard-Aighne. Aontaím go bhfuil frustrachas ar dhaoine, an Coimisinéir Teanga san áireamh. Bhí mé i dteagmháil leis an tseachtain seo caite. Tá a fhios agam go bhfuil frustrachas ar Chathaoirleach an Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, ar an Teachta Ó Snodaigh, agus ar urlabhraí gach uile pháirtí sa Teach seo agus sa Seanad. Tá frustrachas ar Chonradh na Gaeilge freisin. Tá frustrachas orm freisin ó thaobh na moille atá ar an mBille seo, ach tá a fhios agam go bhfuil na dréachtóirí agus feidhmeannaigh mo Roinne ag obair chun a chinntiú go mbeidh an Bille seo foilsithe roimh an samhradh. Tá sé sin an-tábhachtach do gach uile duine. Tá an-obair déanta ag an gcoiste ar an ábhar seo. Caithfimid leanúint ar aghaidh agus an Bille a fhoilsiú. Mar a dúirt mé, táim tiomanta é seo a dhéanamh chomh luath agus is féidir.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as am a thabhairt dúinn. Beidh an Bille foilsithe roimh an samhradh. Mura bhfuil, beimid anuas air arís dá bharr. Bhí géarghá leis seo ón uair a tháinig an Bille ar an bhfód ar an gcéad dul síos. Ó bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga, tá daoine ag déanamh gearáin faoi easpa seirbhísí trí Ghaeilge gur chóir go mbeadh ann. Níl ról ag an gCoimisinéir Teanga maidir leis na gearáin sin so ní féidir leis iniúchadh a dhéanamh. Tá sé sin ráite aige arís i mbliana. Dúirt sé an rud céanna gach uile bhliain ó thosaigh a oifig ag foilsiú tuairiscí. Bíonn méid áirithe gearán nach mbíonn sé in ann déileáil leo. Sin an fáth go bhfuil frustrachas ann agus gur gá go mbeidh deifir ann chun é seo a fhoilsiú. Táimid sásta tacú leis an Aire Stáit más féidir leis cloí leis an dáta agus má tá an Bille seo foilsithe roimh an samhradh. Déanfaimid ár ndícheall a chinntiú go mbeidh Bille nua ann roimh dheireadh na bliana.

Mar a dúirt mé, beidh mé ag coimeád brú ar m'fheidhmeannaigh, ar Oifig an Ard-Aighne, agus ar na dréachtóirí. Bíonn cruinnithe agam, mar phríomh Aire Stáit, le feidhmeannaigh Oifig an Ard-Aighne gach uile trí seachtaine nó thart air sin chun dul chun cinn reachtaíochta atá ar an liosta tosaigh, agus aon fhadhbanna leo, a phlé. Tá an Bille seo ar bharr mo liosta. Tá a fhios ag na dréachtóirí faoi sin. Tá siad ag obair ar an mBille. Tá an-tábhacht ag baint leis ó thaobh an phróisis earcaíochta, ó thaobh caighdeán Gaeilge, agus ó thaobh cuid de na fadhbanna a bhíonn i gcónaí á bplé ag an gCoimisinéir Teanga agus a bhíonn á bplé sna meáin, mar shampla, na rudaí a tháinig amach i rith na seachtaine maidir leis an síneadh fada ar ainmneacha daoine. Is drochrud é sin d'aon duine. Tá an ceart ag daoine a n-ainmneacha a bheith scríofa i gceart ag gach uile eagraíocht Stáit. Beidh sé sin leagtha amach sa reachtaíocht nua.

Barr
Roinn