Ag céim na tairisceana ar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa, d’aithin Gaillimh an teanga ar cheann de thrí phríomhthéama. Sa leabhar tairisceana, Making Waves, deirtear gurb í Gaillimh tobar na Gaeilge agus gurb í Cathair na Gaillimhe an chéad chathair in Éirinn a ainmníodh mar chathair dhátheangach. I measc oidhreacht Ghaillimh 2020 a luaitear sa leabhar tairisceana tá:
- Méadú ar an líon daoine a bheidh ag labhairt na Gaeilge ina saol laethúil agus
- Méadú ar tuiscint ar an tionchar dearfach a bhaineann le dhátheangachas.
Tá ríméad orm a thabhairt le fios don Teachta go bhfuil Oifigeach Gaeilge earcaithe ag Gaillimh 2020 agus gur thosaigh an té sin i mbun oibre an 1 Aibreán 2019 chun maith a dhéanamh d’aidhmeanna Ghaillimh 2020 i leith na Gaeilge mar ghné thábhachtach den chlár.