Tá roinnt bearta idir lámha ag mo Roinn i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta chun tacú go díreach nó go tánaisteach le cur i bhfeidhm rathúil an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta. Tá tús curtha le héifeacht an tsoláthar trí mheán na Gaeilge a neartú i gcomhthéacs an oideachais sna luathbhlianta ag an dá eagraíocht ar a n-áirítear:
- maoiniú atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta don eagraíocht Muintearas Teo chun cúrsa ECCE i gCúram Leanaí ag Leibhéal 6 a reáchtáil i nGaeltacht na Gaillimhe agus Dhún na nGall. Tá an cúrsa seo dírithe ar dhaoine atá ag obair in ionaid cúram leanaí, naíonraí, daoine a thugann cúram do leanaí ina dteach féin nó daoine ar spéis seo oibriú san earnáil luathoideachas; agus
- an chlár oibre atá comhaontaithe idir mo Roinn agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge chun clár teanga agus oiliúna á fhorbairt don réimse luathoideachais. Tá mar chuspóir aige seo tacú leis an oiliúint chuí a chur ar fáil trí Ghaeilge do chleachtóirí luathoideachais atá ag obair i naíonraí sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di. Faoin gcur chuige atá aontaithe leis an Acadamh, cuirfear gearrchúrsaí i sealbhú agus saibhriú teanga, mar a bhaineann sé leis an réimse luathoideachais, ar fáil sna hionaid Ghaeltachta de chuid an Acadaimh atá lonnaithe i nGaoth Dobhair, ar an gCeathrú Rua agus i gCarna agus forbrófar clár léinn níos leithne le freastal ar an earnáil thábhachtach seo.