Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 252 agus 253 le chéile
Ní mór dom a rá ar an gcéad dul síos gur ceisteanna iad seo don Aire Sláinte go príomhá.
Tá dualgais dhíreacha ar gach comhlacht poiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chlúdaíonn eolas atá á thabhairt don phobal i gcoitinne (nó d’aicme den phobal). Is iad sin:
- Alt 9(3) den Acht: I gcás ina ndéanfaidh comhlacht poiblí cumarsáid i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne chun faisnéis a thabhairt don phobal nó don aicme, cinnteoidh an comhlacht gur i nGaeilge, nó i mBéarla agus i nGaeilge, a bheidh an chumarsáid;
- Alt 10(a) den Acht: Na doiciméid seo a leanas a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla:
- aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí.
Tuigfidh an Teachta gur gnó é d’Oifig an Choimisinéara Teanga monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus nach bhfuil aon ról agamsa ann.
É sin ráite, áfach, i gcomhthéacs cheisteanna an Teachta, tuigtear dom go bhfuil an Roinn Sláinte tiomanta do chomhairle sláinte poiblí a sholáthar i nGaeilge agus i mBéarla agus gurb iad príomhfhócas a feachtais sláinte poiblí comhairle a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Rialtais agus póstaeir comhairle sláinte poiblí agus leabhráin faisnéise a chur amach.
I measc na mbearta atá idir lámha ag an Roinn sin le freastal ar riachtanais eagraíochtaí ar nós na gcomharchumann Gaeltachta, scoileanna Gaeltachta agus gaelscoileanna, tá:
- Suíomh gréasáin an Rialtais (www.gov.ie) ina fhoinse faisnéise don phobal le linn na géarchéime seo agus déantar é a nuashonrú agus a aistriú go Gaeilge go rialta. Cuireadh gach preasráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála um Shláinte Phoiblí (FNÉSP), in éineacht lena n-aistriúcháin Ghaeilge, suas ar line;
- An Leabhrán Faisnéise Poiblí COVID-19 a foilsíodh i mBéarla agus i nGaeilge agus póstaer dátheangach maidir le ‘Ní na Lámh’ a rinne An Post a sheachadadh chuig gach teaghlach sa tír; agus
- Ina theannta sin, cuireadh amach gach póstaer comhairle sláinte poiblí i mBéarla agus i nGaeilge agus roinneadh iad ar fud gach Roinn Stáit agus páirtithe leasmhara eile. Tá siad ar fáil freisin le híoslódáil ó shuíomh gréasáin an Rialtais (www.gov.ie) sa dá theanga le haghaidh úsáide príobháidí agus tráchtála.
Mar fhocal scoir agus mar is eol don Teachta, rinneadh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a fhoilsiú i mí na Nollag anuraidh (2019) agus is é aidhm an Bhille ná Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú. Tá i gceist agam an Bille seo a thabhairt ar ais ós comhair na dTithe sa bhfómhar.