Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tionscadail Tógála Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 7 July 2020

Tuesday, 7 July 2020

Ceisteanna (477)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

477. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil i gceist aici togra tógála a cheadú do scoil speisialta (sonraí tugtha) a bhfuil géarghá aici le cóiríocht nua cheart; cén stádas atá ag an togra seo i láthair na huaire; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14634/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Féadaim a dheimhniú gur chuir an scoil dár thagair an Teachta Dála iarratas faoi bhráid mo Roinne maidir le cóiríocht bhreise. Tá eolas breise iarrtha ag mo Roinn ar an scoil chomh maithe le soiléiriú ar eolas a cuireadh ar fáil ina n-iarratas. Nuair a gheofar an t-eolas seo, is féidir an t-iarratas a mheas a thuilleadh agus cuirfear an cinneadh in iúl don scoil.

Barr
Roinn